Club Daon-Phoblacht
The Roundy
3 Sep 2008
08:35:00
€3
Tar éis sos breá i rith an tsamhraidh , tá Club Daon-Phoblacht ar ais libh sa Roundy chun spiorad an teanga a choimeád beo sa chathair i mbliana! Ar an 3ú lá Meán Fomhair, fáilteoimid an grúpa fior thréitheach darb ainm Colin McClean Latin Trio, a bheidh ag seinnt a gcuid ceoil spleodrach dúinn. Beidh ceol anamúil, beoga, laidinach den scoth, agus foinn django fíor-the le cloisteáil ó Colin agus a chairde Mick Cummins ar an ngiotár rithime agus Dave Whitla ar an t-olldord. Agus ar ais linn inár dteannta an oiche seo, beidh na Ceapairi Grá, a scaipfidh a gcuid poirt fuinneamhach mar a mbeadh siad ag dul as faisean! Mar is eol daoibh go léir, club sóisialta míosúil is ea Club DP a mheallann cainteoirí Gaeilge de gach leibhéal, de gach aois agus gan amhras, de pé chontae sa tír! Fáilte roimh cách ó chian is ó chóngar go Club DP, de gach éinne a bhfuil fonn orthu triail a bhaint as a gcuid cúpla focal agus suim acu sult agus tairbhe a bhaint as oiche breá sóisialta i lár Cathair Chorcaí! Colin McClean Latin Trio I 2002, bhain Colin céim amach i giotár clasaiceach ag Ceol Scoil Chorcaí. Ach roimhe sin, le cúpla bliain anuas, bhí clú agus cáil air i measc ceolteoirí i gCorcaigh mar buaiteoir Feis Matthew i gcomhair seinm giotar aonair i 1998 agus 1999. Bhí deis aige dul ag staidéar le ceolteoiri den chéad scoth ar nós Paul Gregory agus Craig Ogden san am seo agus i 2002, ba é Colin an chéad seinnteoir giotár a bhuaidh an Ceadal Sinsearach ag Ceol Scoil Chorcaí. Ag dul go Londain i 2002, d’eirigh leis a chuid tallann a leathnú ag staidéar leis an Virtuoso Brasaileach Fabio Zanon agus bronadh Máistreacht air. Faoi láthair, tá Colin ag staidéar leis an Mháistir Gearmánach Tilman Hoppstock agus tá sé ag dul timpeall na tíre ag seinnt agus ag tabhairt seans iontach do dhaoine a chuid tallann beo a fheiceáil. ------------------------------------------------ On Wednesday September 3rd, Club Daon-Phoblacht will host the super talented Colin McLean LatinTrio at The Roundy in Cork. Colin and his cohorts Mick Cummins on rhythm guitar and Dave Whitla on double bass will treat the city’s only Irish Language club to a host of fired up foot tapping latin, jazz and django tunes while traditional Irish band Na Ceapairí Grá (aka The Love Sandwiches) will rattle out their high energy jigs and reels like their lives depend on it! Club Daon-Phoblacht (People’s Republic) is a monthly club night that attracts Irish language enthusiasts of all levels, age and countyhood. From intrigued tourists learning the cúpla focal to dyed-in-the-wool Gaeilgóirs, Club DP welcomes anyone with an interest in the language and a good night out.